Éirigh 's Cuir ort do Chuid Éadaigh or Arise and Put On Your Clothes

Line
Melody -
Line

Eirigh 's cuir ort do chuid éadaigh
Go mbearraidh mé féin do chúl
Go dté muid 'soir easpag na hÉirne
Go gceangaltar mé 'gus tú
Bhí grá 's cion agam féin ort
A chuid 'en tsaol éalaigh liom
'S nach duine dona gan chéill
A scarfadh ó chéile sinn.

2. Cuirimse croí ar a' phósadh
'S ar bhuachaillí óga an tsaoil
Nárbh fhearr dófa cailín deas óg acu
Ná bean agus puntaí léi
Oíche mhór fhada sa gheimhreadh
Nár dheas bheith 'súgradh léi
'Bhfarras a' chailleach 'srannfaí
'S í 'tarraingt a' plaincead léi.

3. Dé Máirt a rinneadh mo chleamhnas
Mo chreach 's m'amhgar géar
Ghlac mise comhairle mo mhuintir
'S pairt mhór do m'aimhleas é
Pósadh mise gan amhras
Ar shamhailt do mhnaoi gan scéimh
'S níl aon chailín dá gcasfaí sa ghleann damh
Nach rachainn 'un cainte léi.

4. Nuair a théimse 'un Aifrinn Dé Domhnaigh
'Sé fhiafraíos gach óigfhear daom
'Chormaic, an bhfuil tusa pósta?
Ná an airíonn tú an óige 'choích'?
'Sé abraim is deirim féin leofa
Go n'aireochainn go mór fa-raor
'S an méid agaibh atá gan pósadh
Gur agaibh atá spórt an tsaoil.

5. Ach gheobhaidh mé hata 'gus bróga
Agus éireochaidh mé óg arais
Agus rachaidh mé amach go Gleann Domhain
Sin an áit a bhfuil mórán ban
Go bhfaghaidh mé cailín deas óg ann
A shiúlas a' ród go glan
'S nárbh fhearr liomsa leis na mná móra
Ná cailleach Ghleann Domhain 's a ba.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line