Níon a' Bhaoilligh or O'Boyle's Daughter

Line
Melody -
Line

Bhí mé oíche taoibh 'stigh Fhéil' Bríde
Ar faire thíos ar a' Mhullach Mhór
'Gus tharlaigh naí domh a dtug mé gnaoi daoi
Mar bhí sí caoíúil lách álainn óg
Sí go cinnte a mhearaigh m'intinn
'Gus Liaigh na bhFiann ó ní leigheasfadh mé
'Gus tá mo chroí 'stigh ina mhíle píosa
Mar nach bhfaighim cead síneadh le n-a brollach glé-gheal.

2. A chailín donn deas a chuaidh i gcontabhairt
Druid anall liom agus tabhair domh póg
Nó is leat-s' a shiúlfainn cnoic is gleanntáin
'S go Baile an Teampaill 'á mbíodh sé romhainn
Ach anois ó tá mise cúrtha cráite
'S gur lig mé páirt de mo rún le gaoith
A Rí atá i bParrthas, deán domh fárus
I ngleanntán álainn le n-a taoibh.

3. Is fada an lá breá ó thug mé grá duit
Is mé 'mo pháiste bheag óg gan chéill
'S dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom
Nár chuma liom-sa a mhíle stór?
O a mhíle grá, tá cách a rá liom
Gur den ghrá ort a gheobhaidh mé bás
Is níl a'n lá margaidh 'á mbeidh sna Gearailtigh
Nach mbeidh cúl feamainneach is mis' ag ól.

Line

Line