Bás an Croipí

Line
Melody -
Line

Sínte ar thaobh an tsléibhe
Chonaic mé an Croipí bocht;
Bhí an drúcht go trom ar a éadan,
Bhí piléar trína ucht.

2. Bhí sé i bhfad óna chairde,
I bhfad óna theach is a mhnaoi;
Agus é ina aonar fágtha
Ar an bhféar fuar fluich ‘na luí.

3. Sa bhotháinín sléibhe
Bhí bean ag gol is ag caoi,
Ag caoineadh ar son a céile
Nach dtiocfadh ar ais a choích’.

4. "A mháthair, ná bí ag caoineadh,
Ná bí ag briseadh do chroí,
Ní fada go bhfillfidh Daidí,
Suigh síos agus lig do scíth."

5. "Ní fhéadaim, a mhic, ní fhéadaim,
Tá cnapán mór i m’ucht,
B’fhéidir gur páiste gan athair
Tú féin, amhic, anocht."

6. "A mháthair, tá Dia cineálta,
Ní ligfidh sé dochar dó;
Ná habair, ná habair, a mháthair
Ná habair nach bhfuail sé beo."

7. Ach d’fhan sé san áit inar thit sé,
Agus piléar trína ucht;
Nach silfidh Éire aon deoirín
Ar son a siaghdiúr’ bhocht?

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line