An Bhanaltra / The Nursemaid

Line
Melody -
Line

Is deas a' fear i mbaile mé
Níl dúil agam i mí-ghreann
Is deas a' fear i mbaile mé
Níl dúil agam i síor-chainnt
Nuair a théid fir a' bhaile 'mach
A dh'amharc fá n-a ndíobháil
Pillim-s' ar an bhanaltra
'Gus bogaim daoith' an cliabhán.
2. 'S a mhíle mh'anam ar maidin thú
'S arís ag teacht na h-oíche
Níl uair den lá 'á bhfeicim thú
Nach ort a bím ag smuainteamh
Míl' uair go mb'fhearr liom agam thú
Ná ba na Mumhan 'gus bainne acu
O is a Dhia, nach trua mo scarúint leat
'S gur ionnat atá mo chroí 'stigh.
3. Ní theachaidh síol i dtalamh riamh
Comh maith leis an mhin eorna
Níhear uisce beatha dó
'Gus ceanglann sé 'n grá pósta
Tá cuid a théid 'un peacaidh leis
'Gus cuid a théid 'un carthannais
Agus bheir sé ar na cailleachaí
Bheith i meidhir insa chúdaigh.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line