Mise ‘gus Tusa

Line
Melody -
Line

An raibh tú ‘g Cill Ala,
Nó i gCaisleán an Bharraigh,
Nó’n bhfaca tú ‘n campa
‘Bhí age na Francaigh?
Chorus:
Mise ‘gus tusa ‘gus ruball na muice
‘Gus bacaigh Shíol Aindí,
Bacaigh Shíol Aindí.

2. Do bhí mé ‘g Cill Ala
‘S i gCaisleán an Bharraigh
‘S do chonaic mé ‘n campa
‘Bhí age na Francaigh.
Chorus:

3. An raibh tú ‘r a’ gCruach,
Nó ‘n bhfaca tú ‘n slua
Do bhí ar Chruach Phádraic
‘Bhí ar Cruach Phádraic?
Chorus:

4. Do bhí mé ‘r a’ gCruach
‘S do chonaic mé ‘n slua
Do bhí ar Chruach Phádraic
‘Bhí ar Chruach Phádraic.
Chorus:

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line