Na Francaigh Bhána

Line
Melody -
Line

Ar an gceathrú lá fichead de mhí na Lúnasa
Bhí na Francaigh againn le bánú an lae;
Is an tír ag bogadh le tréan á bpúdair –
Tuilleadh sciúrse ‘teacht ar Chlann na nGael.

2. Thug muid briseadh ag Crois Mhaoilíona,
Is ag Bealach Gaoithe cuireadh orthu an rotréat,
Ag Caisleán a’ Bharra, eadar sin is meán oíche
Bhí dhá chéad ‘s trí mhíle le síneadh i gcré.

3. Is luath ar maidin a fuair muid scéala,
Le scoileadh na bhfáinní is ag bánú an lae –
Scéala nár bhinn linn, is nár mhaith linn trácht air –
Na Francaigh bhána gur gabhadh iad.

4. An méid a d’imigh acu is nár bádh
Chaith siad an lá sin faoi éadan bruaigh,
Mar shlua caorach ag dul thar sáile,
Agus eagla a mbáite orthu ag gach taobh.

5. Ag éirí amach dúinn, lá ar na mhárach,
Le scaoileadh na bhfáinní is le bánú an lae,
Bhí trúpa Sasanaigh i lár na sráide,
Is nach tréan na lámha nach nglacfadh siad.

6. Bhí a gcuid waggons leo ag ionsaí an tsléibhe,
Agus na bráithre go léir ag guí Dé
Len ár náimhde a leagan, is an bhua a bhaint díofa,
Agus fós an lá a thabhairt do Chlann na nGael.

7. Mná óga na tíre tá anois gan phósadh,
Tá eagla mhór orm go mbeidh na fir gann,
‘Á gcur go Sasan’ leis na Francaigh –
In aghaidh rí Sheoirse, níl gar dóibh ann.

8. Ach tá dúil mhór agam as Rí na nGrásta,
Is as Bonaparte nach ndearna ariamh feall,
Go dtiocfaidh ár gcaraid i measc na námhad,
Is go mbainfidh siad sásamh as Clann na nGall.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line