Níl sé ina lá

Line
Melody -
Line

Chuaigh mé isteach i dteach aréir
Is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna.
Is é dúirt sí liom "Ní bhfaighidh tú deor.
Buail an bóthar is gabh abhaile."
Curfá:
Níl sé ina lá, níl a ghrá,
Níl sé ina lá is ní bheidh go maidin,
Níl sé ina lá is ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh.
2. Chuir mé féin mo lámh i mo phóca
Is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi.
Is é dúirt sí liom "Suigh síos ag bord
Is bí ag ól anseo go maidin."
Curfá:

3. "Éirigh i do shuí, a fhear an tí,
Cuir ort do bhrístí is do hata
Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir
A bheas ag ól anseo go maidin."
Curfá:

4. Nach mise féin an fear gan chéill
A d'fhág mo chíos in mo scornaigh?
D'fhág mé léan orm féin
Is d'fhág mé séan ar dhaoine eile.
Curfá:

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line