Máire Chonnacht agus Séamus Ó Dónaill
Connaught Mary and James O'Donnell

Line
Melody -
Line

Fear gan chéill a rachadh 'gcléibhín
Amach i n-éadan a' mhórtais
Le h-art a mhéir 's le tréan céasladh
Gur chuir sé téad 'gus dol de rópa air.

2. Tharraing 'na dhiadh é go bun a' mhéile
'S cá bhfuil a' té a bheadh 'na dheoidh air
Gan a thabhairt do aoinneach 'ár beathaíodh 'n Éirinn
Náir fhliuch a ladhar ariamh san ócáid?

3. Más lag nó láidir a' chaill a' t-adhmad
Nach maith an áit a chur sa tséipeal
A chrochadh i n-áirde os coinn' An Ardrí
Le bheith 'guí go bráth ar son na gcréatúr.

4. Dearc, a Mháire, ar na fir a fágadh
'S gan lucht a dtarrthála i nÉirinn
Nach gol go cráite ba chóir a dheánamh
'S chan bheith 'gáirí fán éadáil?

5. Dá mbeifeá i nArainn taobh 'stuigh de dhá bhliain
Tífeá adhmad saor go leor ann
Muic-fheoil shásta 's síoda Spáinneach
'S ba bheag a b'fhearrde do thír mór é.

6. Sé dúirt Naomh Pádraig gur mhíle b'fhearr dúinn
Ag tógáil grágáin fríd a' mhóinidh
Ná a' tógáil adhmad le h-ordú báillidh
'S a chur in Teampall na Róimhe.

Line

Line