Muintir an Iarthair

Line
Melody -
Line

William Rooney

Má mholtar le scéal is le hamhrán,
Na fir a bhí tréan agus fíor,
Chuir clú agus cáil lena ndánacht
Ar ghleann agus sruthán ‘s sliabh.
Ná fágaig’ ar deireadh na tréan-fhir
Do chruinnigh ar plánaí Mhaigh Eo,
Nuair a ghnóthaigh na Gaill i Loch Garman –
Siad muintir an Iarthair ‘bhí beo!
Chorus:
Seo sláinte na bhfear as an Iarthat díbh,
Do chruinnigh le cúnamh san ár!
Sheas siad in aimsir an ghéar-chaill –
Seo sláinte fear Chonnacht go bráth!

2. Tháinig na longa lá Fómhair,
Go cuan Chill Ala ag snámh,
‘S bhíomar chomh fada ag súil leo
Gur shíleamar nach dtiocfadh go bráth.
Agus thosaigh na hadharca ag séideadh,
Ag fógairt go raigh siad ar fáil,
Agus corraíodh spreacadh in Éirinn
Nach múchfar i gConnacht go brath!
Chorus:

3. Níor bhuail sé an dó dhéag san oíche
Gur ghlan’mar Cill Ala go breá:
‘S ní dheachaidh an ghrian síos ‘na dhiadh sin
Go raibh brat glas ar chúirt Bhéal an Átha.
Chruinnigh na céadta le cúnamh,
Agus mairfidh an scéal sin go buan;
An chaoi ‘raibh na redcoats á ruaigeadh
As Caisleán an Bharraigh go Tuaim.
Chorus:

4. Agus goirim na Francaigh bhreᒠláidre
Do tháinig le Humbert anall,
Mar thug siad dúinn croí agus misneach
Nuair a bhíomar go brónach sa ngábh!
Agus trócaire Dé ar na céadta
Do thit ‘s do leagadh san ár,
Tá a gcnámha faoi fhód glas na hÉireann
Agus cuimhneoimid orthu go brách!
Chorus:

5. Má caitheadh le fána ár smaointe,
‘S ár ndóchas faoi scrios agus léan,
Tá an fíor-spiorad beo inár gcroíthe
Nach ngéillfidh don námhaid go héag!
Agus féach" Táimid réidh ar an nóiméad
A chluinfimid torann an áir
Ag fógairt ar chlanna na hÉireann
Go bhfuail saoirse ár n-oileáin ar fáil!
Chorus:

2nd chorus:
Seo sláinte na gConnachtach fíora
Do chruinnigh le cúnamh san ‘ar!
‘Siad togha agus rogha na tíre:
Seo sláinte sean-Chonnacht go bráth!

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line