Ó Bhean a Tí |
Ó éirigí suas a thogha na bhfear, Is cuirigí píce r bharr gach cleith. Is leagaigí síos iad lucht an droch-chroí Agus cuirigí dlí na Frainc ar bun. Agus ó bhean a tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn, Is ó bhean a tí, nach suairc é sin? | 2. Tá jug ar an mbord is tá beoir ag teacht, Tá arm go leor ag an Duke of York. Tá n Francach s an Spáinneach ar bhruach na trá, Agus bfhearr liom go mór é ná comhrá ban, Agus ó bhean a tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn, Is ó bhean a tí, nach suairc é sin? |
3. Ó shuigh mise síos s mo mhian le mais, Ag ól mo cháirt dí mar dhéanfadh fear; Sé dúirt bean a tí den chomhrá mhín, Gan airgead síos bí gabháil amach, Agus ó bhean a tí, cén bhuairt sin ort? Is ó bhean a tí fá dhó nó trí Beidh talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn, Is ó bhean a tí, nach suairc é sin? |