Seoladh na nGamhna

Line
Melody -
Line

Tráthnóinín déanach is mé gan mhairg
Ag seoladh na ngamhna fén bhfásach
Do dhearcas chugamsa an spéirbhean mhaisiúil
Chiúin thais bhanúil náireach.
D'fhiasraíos féin go séimh dhen ainnir
An aon ní thar lear a tháinig
Ag seoladh na ngamhana 'sea dh'fhágas as baile
Ach ceann ní bhfaighidh go lá dhíobh.

2. Ag lorg na ngamhna 'sea chuireasa mo leanbh
'S níor tháinig sí anonn i dtráth chugam
Mar bhí thraonaire roimpi ag pointe an ghleanna
'Sé Peadar Ó Dubhda an sárfhear.
Sin ias a bhíon i gcónaí i ndiaidh a ainnir,
Is a rian go gcuirfeadh sí go brách dhi
Ach mo mhíle fáilte don tír seo na bhfuilim
Mar bainfidh mise sásamh as mo ghrá geal.

3. Is b'fhéidir le hÍosa fá Oíche Nollag
Go mbeimid araon in ann pósadh
I seoimrín néata ag pointe an ghleanna
'S an Sagart ag ól ár sláinte.
Beidh beoir againn go líonmhar go fuíoch gan dochma
Is gloine dhen fíon dhonn Spáinneach
Beidh puinse againn á roinnt le linn dul a chodladh
Is gheobhaimid na gamhna amárach.

4. Tá crainnín cumhra i lúb na coille
'Gus raghaimid araon go lá fé
Mar a mbeidh ceol binn na n-éan dá síorchur a chodladh
Is cuileann is eidhneán ag fás air.
Gheobhainn cead saor ó mhaor na coille
Féar a thabhairt go lá dhíobh
Más ag scarúint óna chéile atá chugainn ar maidin
Seo póg agus bairrín beag mo láimh chugat.

Line

| Eire Songs Index | Home Page Robokopp |Home Page Musica|
Line